OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Ó Shail chnis go Borrphéist choise

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Thugas cuairt ar an Irish Shop an tseachtain seo caite agus cheannaíos cúpla leabhar. ‘Lia agus Leighis’ le Niall Ó Cléirigh MD i gcomhar le Seán P. Ó Conchúir agus ‘Nótaí ón Lia’ le Ruairí Ó Bléine MD. Séard atá sa chéad leabhar ná rogha na n-alt a foilsíodh i bhFoinse, faoin dteideal Lia agus Leighis, ina bpléann Niall ceisteanna leighis agus sláinte. I Nótaí ón Lia tugann Ruairí cuntas glan díreach don léitheoir ar réimse leathan galar agus tá foclóirín deas ag gabháil leis freisin. Tugann sé na tearmaí caighdeánacha dúinn mar aon leis an bhfocal atá sa ghnáthchaint má tá a leithéid ann. Comhlánaíonn an dá leabhar a chéile. Cuimsíonn siad an chuid is mó de na téarmaí sainiúla a bhaineann le sláinte agus leigheas. Is comhartha dearfach iad ar bhisiúlacht na teanga.

Bíonn an saol mór ag athrú i gcónaí agus imíonn focail nuair nách mbíonn gnó díobh feasta ná ócáid dóibh agus ag an am gcéanna tagann focail nua isteach ina n-áit. Más beo do theanga ní mór téarmaí a bheith á gceapadh agus á dtiomsú i gcónaí chun freastal a dhéanamh ar riachtanais an ama i láthair. Le blianta beaga anuas tá na téarmaí nua ag teacht níos tibhe ná riamh agus is deacair coimeád suas leo. Cuirtear ceist orm go minic -cá bhfaighim na téarmaí nua a úsáidim ó am go chéile sna hailt seo, mar nách mbíonn cuid acu le fáil sna gnáth-fhocloirí. Bhuel, tá breis agus fiche foclóir de nuathéarmaíocht na G’ilge foilsithe ag an Gúm agus tá a bhformhór éasca go leor le fáil. Fara sin léim Fóinse, Lá agus Cuisle go rialta. Bím ag éisteacht le Radio na Gaeltachta. Léim na leabhair úra – nó cuid acu ar aon nós, go háirithe na cinn mar an dá cheann thuas a chuireann le saibhreas na teanga. Ach, mo bhrón, is deacair téarmaí úra a sháith isteach sa tsean cheann seo agamsa.

Anois, féachaimís arís ar an dá leabhar úd mar táim an tógtha leo. I mbrollach ‘Lia agus Leighis’ deir na húdair: "Tá an sprioc céanna againn anseo is a bhí sna hailt (i bhFoinse). Seift atá ann chun an cur chuige cumarsáideach maidir le cúrsaí leighis a chur i bhfeidhm trí shainfhoclóir leighis a chur ar fáil ar bhealach praiticiúil. Is maith is eol dúinn go léir an sclábhaíocht intinne gan bacaint leis an aclú coirp a bhaineann le cuardach na bhfoclóirí agus na ngluaiseanna ag iarraidh teacht ar na téarmaí cuí." Deir siad freisin go bhfuil an leabhar seo ‘dírithe ar an ngnáthléitheoir, más ann a leithéid.’

Éiríonn thar barr leo. Tá an Gh’ilge go breá nádúra soléite. Ní gá ach cúpla sampla a thabhairt chun é sin a léiriú. Ag trácht ar vitimín C deir Niall go bhfuil sé "ar an vitimín is mó cáil sna meáin chumarsáide le tríocha bliain anuas. Déantar tagairt dó as a ainm ceimiceach – Aigéad Ascorbach. Bhí staidéar á dhéanamh ar seo don chéad uair i 1747 ag cabhlach na Breataine. Thárla seo mar bhíodh mairnéalaigh ar thurasanna fada farraige thíos go mór le scorbach. Lind ab ainm don bhfear a léirigh gurbh fhéidir teacht roimh scorbach trí oráistí agus liomóidí a ithe ar bord loinge. Moltar iontógáil l’thúil 30-60 mg. de Vitimín C. Do dhaoine breoite nó ag bisiú ó obráidí is féidir dul chomh hard le 250 mg mar chabhair chun fíocháin an choirp a chneasú."

Ag trácht ar aclaíocht deir sé go bhfuil dochtúirí in áiteanna ag oideasú aclaíochta dá gcuid othar. "Tá fianaise láidir sa taighde leighis go ndéanann aclaíocht maitheas don tsláinte. De réir plé reatha ba chóir do dhaoine aclaíocht a dhéanamh ar feadh 20 nóiméad gach re lá. Is íosmhéad bunúsach é seo. Ar ndóigh tá leathuair in aghaidh an l’ níos fearr fós."

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Mar dúras cheanna cur síos ar na galair atá i ‘Nótaí ón Lia.’ Tá léaráidí deasa sa leabhar freisin. Ag seo sampla beag as an gcur síos atá aige ar Confadh: "Is í an aicíd is mó í an confadh a raibh eagla ar dhaoine roimpi i stair an duine. Ionfhabhtú géar víreasach, a ionsaíonn an néarchóras, is ea é seo. Is ar ainmhithe, madraí go háirithe, a lonnaíonn an aicíd ach tig le duine an aicíd a tholgadh má bhaineann ainmhí confach greim fiacla as. Bíonn an víreas i seile an ainmhí agus ealaíonn sé ón chreacht sa chraiceann ar aghaidh suas na néarbhealaí go dtí an inchinn mar a gcuireann sé athlasadh ar siúl. Mar thoradh ar sintagann rámhaille ar an duine agus ríoga pianmhara i matáin an sceadamáin. Ní fada i ndiaidh airíonna teacht go maraíonn an confadh an t-othar."

Deir sé gurbh í Máire Nic Cárthaigh, ocht mbliana d’aois, as Baile an Chaisleáin in Iarthar Chorcaí, an cás deireanach de chonfadh a tharla in Éirinn. Fuair sí bás sa bhliain 1897. Mar sin féin faigheann breis is 25,000 duine bás gach bliain fós san India de dheasca chonfaidh.

Anois tá súil agam gur mhúscalaíos fonn ceannaithe ionat. Fágfad leis an smaoineamh seo thú; sa lá tá inniú ann ní féidir le haon scríbhneóir beatha a bhaint amach as scríbhneóireacht na G’ilge toisc beag líon an phobail a mbíonn sé ag scríobh dó. Ach tá an scéal ag dul i bhfeabhas ámh mar tá líon na nG’ilgeoirí sa tír seo ag dul i méid in aghaidh an l’ agus tá siad ag ceannach leabhar. Bí linn.

Níl ach tuairim is $20 ar an dá leabhar thús le chéile – tá siad beagnách gan faic. Tabhair bronntanas duit fhéin aimsir na Nollag. Dála an scéil ba chóir don té a bhfuil suim aige sa stair cóip den "Civil War in Connacht" le Nollaig Ó Gadhra a fháil. Ní gá duit ach scairt a chur ar 212-274-1923.

Gluais: Sail chnis = dandruff. Borraphéist choise = athlete’s foot. Aicíd a tholgadh = to contract a disease. Airí = symptom. Ionfhabhtú géar víreasach = Severe viral infection. Confadh = rabies. Iontógáil l’thúil = daily intake. Ag oideasú aclaíochta = prescribing exercise. Fíochán = tissue.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar "Míle Fáilte," le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn. An excerpt from this article can be heard on "Míle Fáilte" with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese