OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Teagasc Críostaí

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhí breis is míle go leith slí le taisteal agam ón dtigh go dtí an scoil náisiúnta nuair a bhíos óg. Gach maidin bhíodh orm féin agus triúr nó ceathrar eile ón mbaile fearann siúl ó thuaidh i gcoinne na gcnoc agus níor thaitin an turas riamh linn. Um thráthnóna, ámh, agus obair leadránach na scoile laistiar dínn bhainimís ard-spórt as an dturas abhaile. Deirimse leat nach mbíodh aon deifir abhaile orainn go hairithe nuair a bhíodh an aimsir go breá. Anois is arís mar ba bhéas do gharsúir bhíodh diabhlaíocht éigin ar cois againn.

Bhí úllord mór mealltach ar thaobh an bhóthair agus ba mhinic a thugas féin agus cúpla cara liom cuairt reatha ar an áit aoibhinn seo i ngan fhios don fheirmeoir, tá’s agat. Is maith is cuimhin liom an lá airithe seo nuair a bhuail fonn gadaíochta triúr againn. Thógas mo chuid leabhar as mo mhála scoile agus d’fhágas faoi thor laistigh den chlaí iad. Isteach linn san úllord agus líonamar an mála. Ní fhaca éinne sinn nó cheapamar nách bhfaca ar aon nós. Thángamar amach agus chaitheamar tamall ag cogaint ar thaobh an bhóthair. Bíonn blas milis ar úlla na gcomharsan de ghnáth ach ní dóigh liom gur bhlaiseas riamh úlla chomh blasta leis na cinn seo. Nuair a bhí ár ndóthain ite againn roinneamar an fuílleach agus bhuaileamar chun bóthair.

Cúpla céad slat ón dtigh stopas agus chuireas na húlla isteach i bpoll sa chlaí agus sop féir timpeall orthu. Ní fheadar fós cad a thug i mo cheann é sin a dhéanamh. Ba ró-mhaith an bhail orm gur chuireas i bhfollach iad mar bhí mo mháthair ag an ngeata romham. Nuair a chonaic sí chuici mé thug sí seáp reatha fúm. Thuigeas láithreach go rabhas i mbaol mór. Bhíos ag iarraidh smaoineamh ar cén ceann desna gníomhartha suaracha a bhí déanta agam a d’aimsigh sí. Bhíos lán deimhneach im’ aigne nach raibh eolas dá laghad aici faoi na húlla. Cárbh fhios di? Ní raibh guthán ná eile ag éinne agus níor ghabh éinne tharam ar an mbóthar chomh fada agus ab eol dom. Nuair a tháinig sí fhaid liom ní dúirt sí faic ach sciob sí mo mhála scoile uaim agus thosnaigh sí ag póirseáil ann. "Cá bhfuil na húlla?" ar sí go borb. "Tá boladh na n-úll uait a bhuachaill, cá bhfuil siad?" "Ó a mham," arsa mise, "fuaireas úll ó Madge Rua ach tá sé ite agam." Bhain an méid sin stad asti agus d’fhan sí tamall ag féachaint orm sul ar labhair sí arís. "Abhaile leat," ar sí, "bainfead-sa an craiceann díot ceann desna l’thannta seo."

An oíche sin nuair a bhí an paidrín ráite d’inis mo mháthair scéal dúinn scéal a raibh múineadh ag gabháil leis. Sin nós a bhíodh aici, ar dheis Dé go raibh sí. Dá mbeadh sí ag iarraidh rud tábhachtach a chur ina luí orainn d’úsáidfeadh sí scéilín. Fanann scéal na hoíche sin im cheann fós. Cúpla lá ó shin bhíos ag léamh "Scéalta ón mBlascaod," scéalta a bhailigh Kenneth Jackson ó Pheig Sayers agus istigh ina measc bhí an scéal úd. Seo mar a bhí sé ag Peig:

‘Bhí bithiúnach ann aon uair amháin agus ba ghnáth leis bheith ag snapadh aon ní a fhaigheadh sé ar bóilégar. Aon oíche amháin machnaíodh dó ar dhul ag goid prátaí ó dhuine desna comharsain. "Téanam ort, a bhuachaillín," ar seisean leis an mac ba shine a bhí aige, nách raibh ach dhá bhliain déag d’aois. D’árdaigh sé leis mála agus sluasad a bhainfeadh an ithir den bpoll prátaí. Sul ar chuir sé aon chuir-isteach ar an bpoll dúirt sé lena mhac, "Coinnigh an mála sin dom nó go dtí go raghaidh mé sall ansúd go dtí an claí, le heagla go mbeadh éinne ag gabháilt a chífeadh sinn."

Sign up to The Irish Echo Newsletter

D’imigh sé agus chuaigh in airde ar mullach an chlaí agus d’fhéach sé soir is d’fhéach sé siar ach an deamhan rud a chonaic sé. Tháinig sé go dtí an poll. "Beir ar an mála dhom," ar seisean leis an ngarsún. "Ní fhaca tú éinne a dhaid?" arsan buachaillín. "Ní fhaca," ar seisean. "D’fhéachas ins gach treo ach ní fhaca éinne." "Ach cogar a dhaid," arsan buachaillín, "ar fhéach tú in airde?" "Cad é an áit in airde?" arsan t-athair agus ionadh air. "Nach bhfuil fhios agat a dhaid," ar sé, "go bhfuil duine ag féachaint ort i ngan fhios duit?" Chíonn sé tusa ach ní fheiceann tusa é." Stad an t-athair agus thuig sé cad dúirt an mac. Ar mo fhocal a mhic," ar sé, "go bhfuil ceacht múinte dom nár fhoghlaimíos ar scoil." Rug sé ar an mála agus bhuail sé an tsluasad ar a ghualainn. "Téanam, a mhic," ar seisean, agus faid a mhairfead-sa ní ghuidfidh mé práta ná meacan lem shaol arís." Is dóca gur mhair sé go mín macánta an chuid eile dá shaol.’

Ní féidir liom féin a rá go hionraic gur mhaireas go mín macánta an chuid eile de mo shaol, taréis dom an scéal a cloisint ó mo mháthair. Ach tháinig feabhas beag orm dáiríre. Ag an am céanna caithfead a admháil go ngoilleann sé fós orm nach bhfuaireas amach riamh ó shin cérbh é nó í an spreasán a scéith orm. An rud is dóicí ná gur chuala dalta eile an triúr againn ag pleanáil ar scoil, nó go bhfaca duine éigin, a bhí ag dul thar bráid, sinn ag dul isteach san úllord. Chuireas ceist ar mo mháthair cúpla uair ach lig sí uirthi go raibh an scéal go léir dearmadta aici. Ana sheans go bhfuil an bithiúnach brathadóra sin ag feidhmiú fós. Bhuel, má léann tú an píosa seo, a shlibire scodlaigh, bí ag faire i leith do leathchúil mar táim-se fós sa tóir ort agus beidh go fóilín. Do gach duine eile — Ádh mór.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese