OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Ursalaigh Bhoston agus Tosach na Biogóideachta

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bruachbhaile beag, deich míle duine, ab ea Charlestown in 1834. Suite ar bhruach an Charles lastuaidh de Bhoston, bhí droichead clár trasna na habhann go dtí an chathair. Bhí daoine saibhre agus tithe galanta acu ina gcónaí sa cheantar so ach ba cheardaithe formhór mhuintir Charlestown. Shiúileadh na gaibhne agus na siúinéirí agus na saoir iarainn treasna na habhann gach maidin go dtí an longchlós. Ach bhí dream beag eile i Charlestown in 1834, míle go leith díobh ar a mhéid— na hÉireannaigh. Sclábhaithe bochta gan oilteacht ab ea iad so. Fágadh cuid acu as obair nuair a críochnaíodh Canáil Erie in 1825. Bhí obair le fáil sna bailte muilinn i Sasana Nua agus soir leo. Shrois cuid acu Boston.

Ó bhliain go bliain bhí líon na nÉireannach ag dul i méid, agus má bhí, bhí an teannas idir iad agus na dúchasaigh ag méadú dá réir. Chuir na daoine bochta caitliceacha seo déistean agus eagla ar mhuintir ghallbhách fhrithinimirceach Bhoston. Thosnaigh an frithchaitliceachas ag borradh aníos ar fuaid na tíre. Bunaíodh gluaiseachtaí dúchasacha áitiúla. Cruthaíodh an Páirtí Meiriceánach nó páirtí na "Know-Nothings," mar is fearr eolas air, sna daichidí. Dob amhlaidh a bhí eagla ag teacht ar na dúchasaigh roimh chumhacht na Róimhe nó roimh Striapach Bhabalóin mar a thugadar ar an bPápa. Más deacair é sin a thuiscint smaoinigh ar na hOráistigh.

In 1834 bhí clochar Ursalach ar Mt. Benedict in iarthar Charlestown. Scoil chríochnaithe do chailíní saibhre a bhí inti – óh, áit ana ghalánta ar fad. B’é easpag Boston, Benedict Fenwick, uasaicmeach de shliocht Sasanach, a bhí taobh thiar den scoil. Bhí sé ag iarraidh pictiúr nua den eaglais Rómánach a chrothu i meon na ndaoine. Bhí breis is trí fichid cailín sa scoil faoi chúram dháréag ban rialta den Ord Ursalach.

D’oileadh na mná rialta go léir sa bhFrainc agus dob Éireannaigh a bhformhór. Ní raibh ach cúpla Caitliceach i measc na scoláirí. "Unitarians" ba ea a móramh. Bhi fál iarainn timpeall na scoile agus bhí gáirdíní ailne ag gabháil léi. Bhí an tSiúir Edmond St. George ina Ban-ab ar an áit agus bhí aithne agus meas ag mór-uaisle Charlestown uirthi. Bean chumasach ábalta ab ea í. Bhí go maith is ní raibh go holc go dtí gur scríobh bean dárbh ainm Rebecca Reed leabhar — "Six Months in a Convent."

Dúirt Rebecca gur iontaigh sí ina Chaitliceach agus gur chuaigh sí sna mná rialta. Cur síos ar na searmanais uafásacha agus na gníomhartha mímhorálta a bhí ar siúl taobh istigh de fhallaí an chlochair a bhí sa leabhar. D’ardaigh an leabhar raic cé gur léir ó thosach gur ag stealladh éithigh a bhi Rebecca. Ar ndóigh ba léir nárbh í a scríobh an leabhar. D’ionnsaigh an Bhan-ab an leabhar agus mhínigh sí nách raibh Rebecca riamh ina bhean rialta, nách raibh inti ach seirbhíseach. Agus fara sin, seirbhíseach a fuair bata is bóthar mar gheall ar ghadaíocht. Laghdaigh ar na hionnsaithe ar feadh tamaill. Ach ní chuireann an chinniúint a cosa fuithi.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Taobh leis an gclochar bhí clós brící ag fear dárbh ainm Edward Cutter. Oíche amháin i mí Iúil, 1834, chuala sé duine éigin ag greadadh ar an ndoras. Bean óg a bhí ann agus í ina giolcaisí leapan agus sceon ina súile ag iarraidh bheith istigh. D’impigh sí ar Edward í a bhreith abhaile go dtí tigh a dearthár i mBoston. Rinne sé rud uirthi. Elizabeth Harrison ab ainm dí agus dob amhlaidh a d’éalaigh sí as an otharlann inar cuireadh í sa chlochar nuair a bhí na néaróga ag cur isteach uirthi. Taréis di tamall a chaitheamh sa bhaile tháinig sí ar athchomhairle agus d’iarr ar a deartháir í a thabhairt ar ais go dtí an clochar. Ní túisce ar ais í ná thosnaigh na ráflaí. Scaipeadh an scéal gur tógadh ar ais í i gcoinne a tola agus go bhfacathas á tabhairt an geata isteach í ag lascadh is ag screadach. Cuireadh i ndoinsiún domhain í faoi ghlas, de réir na ráflaí.

Bhí scéal an "fhuadaigh" ar an gcéad leathnach de gach páipéar i mBoston. Tionóladh cruinnithe faoi choimirce na Ministrí Pobalda (Congregationalists). Is léir go raibh sé ar intinn acu ó thosach an clochar a dhó agus a mhúradh. Ar an Domhnach 10 Lúnasa thug Lyman Beecher, athair Harriet Beecher Stowe, seanmóir fhíochmhar i gcoinne na nUrsalach.

Ar an Luan thug an Bhan-ab cead do chúpla poiliteoir agus do Edward Cutter dul isteach sa chlochar agus labhairt le Elizabeth. Labhair Cutter léi agus faoin am seo bhí sí go breá stuama. Rinne siad deimhin de freisin nách raibh doinsiún domhain faoin gclochar. Ghealladar don Bhan-ab píosa a chur sna páipéir an lá dár gcionn ag nochtadh na bhfiricí. Bhíodar ró-dhéanach.

Oíche Dé Luain bhailigh slua lasmuigh de gheata an chlochair agus bhíodar ag lorg fola. Ghlaodar ar an an mBan-ab, Elizabeth a scaoileadh saor. Tháinig an tSiúir Edmond amach agus thug íde na muc is na madraí don slua agus d’éirigh leí an ruaigh a chur orthu. Níorbh aon dóichín í de réir dealraimh. Laistigh de leathuair bhí slua níos mó bailithe timpeall na bhfallaí arís agus chuireadar tinte cnámh ar siúl ós comhair an chlochair amach. Amach leis an tSiúir arís agus dúirt: "Bogaigí libh, a chladhairí. Muna n-imíonn sibh láithreach táim chun fios a chur ar an easpag. Tá fiche míle Éireannach faoina cheannas agus tiomáinfidh siad-san isteach sa bhfarraige sibh." B’shin é an rud díreach nár cheart dí a rá. Thóg an slua liú catha agus scaoil duine éigin urchar faoin tSiúir. Phlab sí an geata orthu agus chúlaigh sí go tapaidh. Réab an ghreamaisc rompu.

D’éalaigh muintir an chlochair amach sa gháirdín cúil ach bhí an fál sa tslí orthu. Idir an dá linn bhris an slua isteach sa chlochar agus scriosadar a raibh ann. Bhí fir ag rith timpeall gléasta suas in aibídeacha an Oird. Ansan chuireadar an áit tré thine agus amach leo ar lorg na mban. Bhíodar siúd i mbaol a mbeatha ach thug Cutter tarrtháil orthu. Ghearr sé poll san bhfál agus threoirigh sé na mná critheaglacha isteach ina thigh féin. Fuair sean bhean rialta bás den challshaoth.

Nuair a theip orthu na mná a aimsiú leath an slua amach ag lorg Éireannach agus chuireadar roinnt tithe tré thine. Níor bhac lucht múchta tine leis an gclochar ná leis na tithe. B’fhéidir go raibh eagla orthu. Bhí ar Cutter na mná a aistriu go tithe eile faoi dhó i rith na hoíche mar gheall ar an ngramaisc.

Le héirí gréine scaip an slua agus d’imíodar leo abhaile go breá sásta leo féin. Bhí cuid acu fós agus aibídeacha orthu. Bhí cuid eile acu ag luascadh paidríní móra go ríméadach san ‘r. Bhí scamall dubh ós cionn Charlestown.

(Má tá tuilleadh eolais uaibh féach "American Catholic," Charles.H. Morris, NY 1997, and "Countdown to Violence; The Charlestown Convent Riot of 1834." W.J. Bisson, NY 1989.)

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese