OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: An tImeacht Céanna Arís

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Ní bhíonn sólás againn ann,

Gan dólás ann a cheann;

Ní bhíonn maise gan a masla,

Ná an díreach gan a cham.

Foilsíodh aiste ag Eoin Mac Néill in "An Claidheamh Soluis" i Samhain na bliana 1913. "The North Began," an teideal a bhí air. "Tá na hOráistigh," deir se, "dílis don Choróin, don Bhunreacht, don Impireacht agus don Aondacht, de bhrí go gceapann siad go gcinntíonn na rudaí sin "Hóm Rúil" dóibh féin agus beagán sa bhreis." "Ach uair ar bith a samhlaítear go mbainfí den bheagán sa bhreis úd trí athruithe bunreachtúla imíonn cloachlú ar an bpointe ar a ndílseacht agus ar a mbá."

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Le déanaí bhí an méad seo le rá ag Máire Ní Néill ón SDLP faoi na hOráistigh chéanna. "Sílim gurb é an rud is mó a thaispeánann an fhadhb ar Bhóthar Gharbhachaidh agus ag an méid atá ar siúl ag an Ord Oráisteach ná go bhfuil eagla i measc na nAontachtóirí faoi na hathruithe a chaithfeas theacht agus go bhfuil cuid acu in éadan athrú ar bith."

Anois deir Trimble go bhfuil sé ag diúltú don Fheidhmeannas toisc nách bhfuil beartas díarmála ag gabháil leis ach tóg uaimse é nách bhfuil sa mhéid sin ach leithscéal agus gurb é an t-imeacht céanna arís aige é. Bhí agus tá na hOráistigh i gcoinne aon tsort athraithe mar creideann siad gurb ionann athrú agus cailliúint chumhachta. Dá ‘ngéillfidís’ anois bheadh leithéidí Jerry Adams ina shuí taobh leo sa rialtas nua agus níl sé de rún acu cumhacht a roinnt le Sinn Féin ná le haon dream eile. Is cuid lárnach dá gcuid fealsúnachta an diúltú agus an bhagairt agus b’é Sir Edward Carson a chruthaigh an fhealsúnacht san dóibh.

Chuir na hOráistigh go láidir i gcoinne Billí Home Rule na mblianta 1886 agus 1893. Ní raibh seans da laghad ag na Billí úd mar fiú dá rithfidís i Teacht na dTeachtaí chuirfeadh Teach na dTiarnaí deireadh leo. Ach sa bhliain 1910 neartaigh go mór ar an ndóchas, in Éirinn, le Home rule a ghnóthú. Taréis olltoghcháin na bliana sin bhí na Liobrálaithe taobh le guthanna Pháirtí na hÉireann chun iad a choimeád i bhfeidhmeannas. Gheall an Príomh Aire, Asquith, Bille nua Home Rule a thionscnamh. Dhein sé maith dá gheallúint i 1912 nuair a chuir sé Bille Home Rule d’Éirinn Uile faoi bhráid Theach na dTeachtaí i Westminster. Bhí a pháirtí féin, na Liobrálaithe, mar aon leis an Lucht Oibre agus an Páirtí Éireannach faoi Sheán Réamoinn taobh thiar den bhille. Bhí na Tóraithe agus na hAondachtóirí ina choinne. I dtosach na bliana 1913 ritheadh an bille, — 367 ar a shon, 267 ina choinne. Ach dhiúltaigh Teach na dTiarnaí dó.

Sea bhí ceart crosta fós ag na tiarnaí ach de bharr bille a ritheadh i 1911 bhí teorainn leis an gcumhacht anois. Dá rithfeadh Teach na dTeachtaí aon bhille trí húire as a chéile bheadh sé ina dhlí Parlaimint d’ ainneoin seacht ndícheall na dTiarnaí. Bhí gach dealramh ar an scéal nách bhféadfadh rud ar bith bac a chur ar theacht i bhfeidhm Home Rule i 1914. Bhí na hAondachtóirí i sáinn, go dtí go dtáinig Edward Carson i gcabhair orthu.

Rugadh Carson i mBaile Atha Cliath agus faoi 1910 bhí cáil air mar Chúisitheoir Corónach sa chathair sin. Fear fuarchúiseach feidhmiúil ab ea é a raibh ana rith cainte aige. D’éirigh leis an meon Oráisteach a mhúscailt i measc chosmhuintir na Sé Chont’tha. D’athbheoigh sé an fhanaiceacht creidimh; d’adaigh sé fuath don Phápa; agus scaip sé focail mar "Ulaidh Aonchineálach," agus "Impireacht." Thug sé le fios do mhuintir na ngleannta agus do mhuintir na gcathracha go raibh cinniúint níos measa ná an bás i ndán dóibh dá gcuirfí Home Rule i bhfeidhm. Ní mór duit a mheabhrú anso nách ar son phobal na Sé Chont’tha, Oráisteach ná Preispitéireach a bhí Carson ag troid ach thar ceann na maoinaicme – na tiarnaí talún agus tionscail agus a bpáirtí i Westminster – na Tóraithe.

Bhagair Carson go gcuirfidís — le neart arm dá mba gá — in aghaidh Uladh a thabhairt isteach i bParlaimint Éireannaigh. D’aontaigh neart daoine i Sasana leis. Chuaigh Bonar Law, ceannaire na dTóraithe, go Cúige Uladh agus chomhairligh sé don phobal feidhm a bhaint as gach aon sort seifte chun na comhceilge – a bhí ar siúl chun Parlaimint a chur ar bun in Éirinn — a bhriseadh. Sin rud a dhearmadtar go minic— go mbíonn na Tóraithe ag gríosú na nOráisteach agus ag tabhairt tacaíochta dóibh.

Sé rud a rinne siad ná arm, Óglaigh Uladh agus Rialtas Sealadach a chur ar bun faoi uachtaránach Carson. Faoi 1914 bhí breis is 80,000 fear in Óglaigh Uladh. Tugadh lastaí móra arm isteach ó Shasana agus ón Mór Roinn agus níor chuir na húdaráis isteach ar an obair. D’éirigh Asquith neamhshocair ina bheartas i dtaobh Home Rule. Thosnaigh sé ag géilleadh dona hOráistigh. Sa deireadh thiar fuaireadar a raibh uathu. Gach seans go bhfaighfidh siad a bhfuil uathu arís. Ní raibh sé de mhisneach fós ag aon Phríomh Aire a rá leis na hOráistigh nách mbeadh cead acu choíche arís príosúnaigh a dhéanamh dena náisiúnaithe ina gceanntair féin gach samhradh.

Bheadh furmhór na náisiúnaithe lán sásta le saol saor ó thromaíocht sheicteach. Ach tá na hionsaithe seicteachta lán chomh dona is a bhíodar riamh. Cheapfá, ag féachaint ar na meáin chumarsáide agus a laghad tuairisceoireachta atá déanta acu ar ionsaithe den tsort seo, go raibh síocháin shíoraí timpeall an chead chúine eile ach go dtabharfadh an IRA a gcuid arm isteach. Ní fheadar cén fáth nách n-iarrtar ar an RUC agus na hOráistigh a gcuid gunnaí féin a bhreith isteach chomh maith.

As so amach aon uair a bhíonn eolas uait faoi chúrsaí sna Sé Chont’tha, ná bac leis na poiliteoirí ná na meáin chumarsáide. Éist le háitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh. Ní thiocfaidh síocháin sa Tuaisceart gan athruithe agus níl na hOráistigh fós réidh chun athraithe.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese