OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Gaelic Roots agus Fiontair Rathúla eile

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

Beidh ceol agus siamsa amhráin agus rince ag baint teine chreasa as cliathán Chestnut Hill arís i mbliana. Ó 20-26 Meitheamh, beidh Gaelic Roots V á cheiliúradh ar an gcnoc beannaithe sin cúpla míle laistiar de Bhoston. Ní foláir nó tá Séamas Connolly agus Uachtarán Boston College William P. Leahy SJ, ana bhródúil as an bhfiontar iontach seo. Ba chóir go mbeadh. Bliain i ndiaidh bliana meallann Séamas togha agus rogha an aosa cheoil chun na nArdán agus gach bliain dá réir méadaíonn ar cháil na "fleá" seo.

Dá mba mhian le duine a chuid Gaelachas a chothú nó é fhéin a thumadh i gcultúr na hÉireann ní fearr rud a dhéanfadh sé ná bheith páirteach sa cheiliúradh seo. Agus ní ceol amháin atá i gceist. Bíonn ranganna damhsa agus seiteanna acu agus chuile short amhránaíochta. Agus bíonn ranganna G’ilge ar siúl gach bliain. I mbliana is é Breen Ó Conchubhair atá i mbun an ranga. Is Ciarraíoch é Breen a bhfuil cáil fhorleathan air mar mhúinteoir. Tá ana chleachta aige ar chursaí teagaisc. Faoi láthair tá sé ina léachtóir san Irish Studies Program sa Choláiste féin. Beidh Breen lán sásta aon cheist atá agat faoin nG’ilge nó Irish Studies a fhreagairt.

Níl slí agam ach do ghearr liosta dena ceolteoirí ach fan go gcloise sibh cuid desna hainmneacha. Tá Paddy Canny agus Bobby Casey ag teacht – sea beidh stíl Oirthir agus Iarthair an Chláir le cloisint ar Chestnut Hill. Beidh Tony McMahon agus a bhosca ceoil ann. Tabharfaidh sé léacht ar "Tradition v. Innovation." Beidh Martin Connolly agus Joe Derrane, Brendan McGlinchey agus Liz Carroll, Mary Bergin agus Brian Conway ann. Beidh ceolchoirmeacha agus céilithe ar siúl freisin. Beidh céilí ar bhád sa chuan ceann desna hoícheannta — faoi choimirce Larry Reynolds agus CCÉ Boston. Agus ná dearmadaimís an draoi féin Séamas Connolly. Ni bheadh fhios agat cá gcasfaí ort é.

Arís beidh an Fhleá Cheoil ar siúl 20 -26 Meitheamh agus seans go bhfuil ticéad nó dó le fáil fós. Má tá eolas uait cuir glaoch ar Shéamus ag 617-552-0490, nó cuir e-phost chuig connolsb@bc.edu. Tá leathnach baile acu freisin agus tá cur síos ar na muinteoirí agus na himeachtaí go léir air. Is féidir leat clárú air nó foirm chláraithe a fháil uaidh. Ag seo an seoladh: http://www.bc.edu/g’licroots

Tá múinteoirí Dhaltaí na G’ilge thar a bheith gnóthach i mbliana. Tá fóirne ag taisteal na tíre ag múineadh G’ilge. Fuaireas an e-post thíos ó Sheosamh Mac Closkey le déanaí – ag cur síos ar thuras go Montana. Thug Eibhlín Zurell, Deirdre Mac Farland agus mé féin turas ar an áit chéanna i Mí Eanair. Bhí Eibhlín i nDallas freisin an mhí chéanna agus bhí Uaitéar agus Máirín Stock i gColáiste Elms i Chicopee Mass. tá cúpla seachtain ó shoin. Agus mé ag scríobh an ghiota seo tá mo mhálaí réidh agam chun dul go Milwaukee mar a bhfuil deireadh seachtaine G’ilge le bheith acu. Beidh píosa agam faoi sin amach anseo le cúnamh Dé. Ach seo dhaoibh Seosamh anois:

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

"Chuaigh mise, Treasa Ní Laoi agus Seán O Tiarnaigh go Montana mar a raibh cúrsa G’ilge ar siúl an deireadh seachtaine roimh Lá ‘le Pádraig. Bhí seisiún ann oíche Dé Sathairn i halla paróiste Naoimh Áine i ísleán chathair Bhutte. Léigh Treasa Bailéad Mhicil Mhóir. Mise Mícheal Mór, ar ndóiche. Seán a bhí sa stiúsaí agus nárbh é a bhí gleoite.

Bhí ceol Gaelach íontach ann fosta. Ba é John "The Yank" Harrington réalt na hoíche. Bhí 96 bliadhna slánaithe aige agus chas muid "Breithlá sona duit" dó. Ar bhosca cnaipí beag a sheinneann sé. Ábhar iontais domh an mhéaraíocht a bhí aige. Dúirt cláirseoir Breatnach liom uair amháin (agus ise timpeall is 38 bliadhna d’aois) go dtoisíonn meath ag teacht ar na méir timpeall an dá scór. Poirt Éireannacha agus corrcheann Meiriceánach (Yankee Doodle Dandy) a sheinn sé. Dúradh liom gur rugadh John i gCorcaigh, ach dar leis an Mhontana Standard ba in Utah a rugadh é tamall gairid i ndiaidh teacht a dtuismitheoirí ó leithinis Bheara i gCorcaigh. Cónaíonn sé fós ina aonar sa seanchathair thuas an fána in aice na mianach.

Bhí ceoltóirí óga ann fosta, triúr acu. Dublin Gulch a thugann siad orthu féin. Bhí Kevin McGreevy iontach maith ag seinm ar an téadchlár casúr; Tom Powers ar an bhodhrán agus ag canadh. Ní fhaca mé ariamh ceoltóirí a bhain an oiread sin ceoil as a gceol féin. É tuillte acu. Bhí fíorbhlas Éireannach ar an seisiún, cuma tuath iarthar Mheiriceá ar an halla. An-oíche, a bhuí le G’il Mhontana."

An tseachtain seo caite casadh an file oirirc Nuala Ní Dhomhnaill orm in NYU. Tá Nuala ina hOllamh Cuartaíochta ag Boston College ach tugann sí cúpla lá sa tseachtain in NYU freisin. Nuair a bhíos ar an dtr’n ag dul abhaile bhíos ag smaoineamh ar Nuala agus an taisteal, ar na ceolteoirí ag teacht ó chian agus ó chongar agus ar fhóirne Dhaltaí na G’ilge. Dar fia arsa mise liom fein ní rud nua atá againn anseo ach sean rud. Idir na blianta 1200 agus 1600 bhíodh sé de nós ag an Aos Dána — na filí, na ceolteoirí agus a lucht friothála – taisteal ó áit go háit sa domhan Gaelach. Measaim go bhfuil an rud céanna ag tárlú arís ach go bhfuil an domhan Gaelach i bhfad níos mó. B’fhéidir go bhfaighfinn bó mar bhronntanas uathu i Milwaukee fós.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese