OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Lá ar Thóraigh

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Tomás (Sóisear) Mac Cionnaigh

Thosaigh an lá go luath ar maidin,- 8 a chlog. Bhí mé fhéin agus mo chara Dónall thios ag cuan "Bun Beag" leis an bhád a fháil. Rud nach raibh fhios againn ach ná raibh bád ar bith dul amach go dtí an méan l’, sin mar nach raibh an taoide i gceart. Chuaigh muid abhaile arís le béile a fháil. Cibé ar bith chuaigh muid ar ais in am fá choinne bhád an mheán láe. Bhí an lá é fhéin mar a bhí lá breá Shamhraidh ann. Mar a deireann siad ‘san cheantar seo "Lá galánta" a bhí ann. Bhí slua mór réidh le dul agus roimh i bhfad bhí muid ar ár mbealach amach tríd an chuan. Thiocfadh leat do scáth a fheiceáil ins an fharraige. Bhí an t-uisce chomh ciúin sin. Bhí gach duine ag caint le chéile agus aoibh an gháire orthu uilig. Ar bord an bháid é féin bhí a lán bagáiste.

Cuid den slua a bhí ann, bhí siad ag dul amach go hOileán Ghola. Bhí siad ag brath seachtain a chaitheamh ag campáil. Ní raibh mé fein ariamh ag an oileán sin, mar sin, bhí mé féin sásta le sin. Leath uair a mhair an píosa sin den turas. Amach leis na daoine sin agus amach leis an chuid is mó den bhagáiste chomh maith. Tháinig an bád amach as an chuan ansin agus tríd an chainéal contúirteach ar ár mbealach go Toraigh. Nuair a tháinig muid thar Gola d’amharc mé amach agus chonaic mé "Na Trí Mhic Ua gCorra" don chéad uair domh. Bhí mé ag iarraidh iad a fheiceáil le fada an lá ach theip orm i gcónaí. Dá gcuirfí stad leis an lá ansin bheinn féin sásta. Ach níor cuireadh stad leis, mar sin ar aghaidh linn amach ar an fharraige mhór, mórtas millteanach ann.

Bhí achan duine breá sásta ansin agus iad ag amharc amach ar na faoileáin ag eitil os ár gcionn. Píosa eile amuigh d’athraigh na faoileáin go dti na gainéaid. Sin éan deas le ceann agus gob buí air agus ceann dubh ar na sciathán. An nós atá acu go dtumaíonn siad ón ard isteach ‘san fharraige ag seilg éisc. Ní bhíonn siad le feiceáil ach amuigh ar an fharraige mhór. Nuair a bhí muid ag teacht níos gaire do Thoraigh, bhí forachaí ,pufíni agus broigéail ag snámh amach uainn. Faoin am seo bhí na daoine uilig ag ceann an bháid mar bhí Toraigh le feiceáil go soiléir anois. Cúpla bomaite eile agus bhí muid istigh ag an ché.

Bhí muintir na háite ansin le fáilte a chuir romhainn. Duine den slua a bhí ann, ná Patsí Dan, Rí Thoraigh é féin . Chuir sé fáilte mór roimh achan duine a tháinig amach as an bhád. D’éirigh muid as an bhád tar éis turas deas. Bhí sé thart fan dó a chlog anois agus ocras an domhain orainn. Níl ar an oileáin ach caifé amháin agus teach ósta nua a tógadh cúpla bliain ó shin. Chuaigh mé fhéin agus Dónall go dtí an caifé mar go raibh aithne ag Dónall ar bhean an tí ansin. D’ith muid ár sáith. Ó tharla gur cósuil le duine na háite Dónall, chuaigh sé amach le cúpla duine a chuartú.

Anois cad é a bhí mise a dhul a dhéanamh liom fhéin ansin ach siúl amach leis an áit a scrúdú. Bhí an ghrian ard san spéir faoin am seo. Shiúl mé tríd an sráidbhaile é fhéin comh fada le teach an phobail. Chuaigh mé isteach agus dúirt mé paidir ansin. Ní dhéanann paidir dochar ar bith do dhuine. Shiúl mé liom fhéin ansin amach faoi’n tuath. Caithfidh mé a rá go raibh bóthar maith ann; sin rud nach raibh ann an uair dheireannach a bhí mé ann. Rud amháin eile a bhí ann anois, ná tarracóiri. Chonaic mé trí cinn chomh maith le cúpla jíp. Is dócha gur dul chun cinn é sin. Cibé ar bith fuair mise bothár deas fá choinne mo thurais. Taobh amuigh den tsráidbhaile "Baile Thiar" ní raibh mórán ag fás. Ní raibh crann ar bith le feiceáil in áit ar bith. Bhí beagán fraoch ar na cnoic ach an chuid is mó, bhí siad nocht. Shiúl mé trasna na gchnoc go dtí cósta an Tuaiscirt.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Amuigh ansin chonaic mé poll an-mhór thart fá fiche slat istigh ón chósta agus tollán isteach ón fharraige dó. Tá binn ann agus iad, i mo bharúil, faoi céad troigh. Bhí cuma contúirteach orthu. Mar sin thig leat a bheith cinnte nach raibh mé amuigh ag an bhruach. Amuigh ó na binn ar an fharraige ansin, bhí potai gliomaigh ann, cuid acu dearg, cuid acu buí, agus cuid eile acu glas. Bhí siad mar a bheadh seangáin ann. Daoine cróga a chuir amach ansin iad. Shroich mé an tsráidbhaile eile ansin,"Baile Thoir," thart fá míle ón Bhaile Thiar. Níl mórán difir idir an dhá tsráidbhaile. Rud amháin a mhothaigh mé, bhí cearca ag cuid mhaith dena tithe agus coiligh bhreátha leo. Cúpla madra anseo agus ansiúd, sin a bhí ann . Ní fhaca mé ach gort amháin agus prátaí ann.

Shiúl me ar aghaidh liom go deireadh an oileán go dtí nach raibh áit ar bith eile le dul. Bhí radharc galánta agam amuigh ansin. Bhí an mórthír ar fad le feiceáil amuigh ar an thaobh eile dén fharraige uaim. Faoin an am seo, bhí mé dóighte leis an ghrian. Is cuma faoi sin, ach bhí orm theacht ar ais go dtí an ché. Ghlac mé mo am mar cha raibh deifir ar bith orm. Ar an bhealach ar ais domh cad é a chuala mé ach an Traonach. Tá an Traonach i mbaol ín Éirinn. Níl siad ann ach i gcúpla áit san tír agus tá Toraigh ar cheann dena háiteanna sin. Deirtear go bhfuil sé phéire ann. Sin rud deas a tharla domh, an Traonach a chluinstin.

Bhí tuirse orm nuair a bhain mé an cé amach arís. Shuigh mé ar an bhalla ag fanacht leis an bhád farantóireachta teacht isteach. Bhí lá ar dóigh agam fhéin ar Thoraigh ach ní raibh muid réidh go foill mar bhí orainn dul ar ais ar an bhád. Níor tháinig mórán daoine ar ais ar bord. D’fhan an chuid is mó istigh don chéilí a bheadh ann san óiche. Bheadh an turas ar ais mar an teacht amach ach a bé a chonaic muid taobh amuigh de Gola. Bhí potaí gliomaigh curtha ansin agus chomh maith leis na potaí bhí Deilf ag súgradh thart fá na potaí. Achar beag eile tháinig rón go barr an uisce. Bhí siad ag baint leas as na potaí. Leath uair eile bhí muid istigh ar a’ Bhun Bhig arís. Idir achan rud, thig liom a rá go raibh lá iontach agam. Is mór an trua nach raibh sibh ábalta a bheith ann. Táim cinnte go mbeadh an bharúil sin agaibh féin.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese