OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Loch an Pheidléara

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

An Chonair a thugtar ar an mbóthar a ghabhann ó thuaidh ón nDaingean trasna na sléibhte go dtí Trá Lí. Is bóthar cúng casta contúirteach é. Tuairim is míle lastuaidh den mhullach tá loch dubh diamhair ar an dtaobh thoir den bhóthar. Loch an Pheidléara a thugann muintir na háite ar an loch oighreach so. Sa leabhar "Seo mar Bhí" tá an scéal atá taobh thiar den ainm ag Mícheál Ó Siochfhradha; an Seabhac. Deir sé go bhfuair sé an scéal óna athair féin. Cheapas go mbeadh suim agaibh ann.

Timpeall na bliana 1800 bhí fear óg ina chónaí in Abhainn a’ Scáil. Dob é an duine ab óige ar chlann mhór é agus gan de spré aige ach a shláinte mhaith. Shochraigh sé ina aigne go n-imeodh sé óna áit dúchais chomh luath agus ab fhéidir leis. Le linn na haimsire céanna tháinig long mhór isteach i mBá Bhreanndáin. De chinniúint bhí an capt’n ag lorg máirnéalaigh agus ghaibh an fear óg leis an dtairscint. An oíche sul ar imigh sé bhí cóisir mhór ina onóir i dtigh an athar. I rith na hoíche labhair sé leis an mbean óg a raibh sé mór léi agus thugadar geallúint daingean go bhfanfaidís dílis dá chéile go ceann cúig mbliana. Ansan thóg an fear scilling as a phóca agus ghearr sé ina dhá leath í agus chuir sé poll ins gach leath díobh. Chuir sé an dá phíosa ar ribíní agus chuireadar timpeall a muinéal iad mar chomharthaí dílse nó go gcasfaí ar a chéile arís iad.

Chaith an fear óg cúig bliana ag taisteal an domhain agus choigil sé gach pingin dár thuil sé go dtí go raibh lab maith airgid aige. Bhí na cúig bliana geall le bheith istigh nuair a ghaibh sé cuan arís i mBá Bhreanndáin. Bhí a chuid airgid agus a shealbha saolta i mála faoina ascaill aige. Bhuail sé isteach i dtigh tábhairne i mBaile Bhreanndáin agus ó bhí sé tamall óna bhaile féin níor aithin éinne é. Dúirt sé gur pheidléara é nuair a ceistíodh é. Bhí beirt bhithiúnach sa tabhairne ámh agus níor chreideadar é. Chuireadar suim ann. B’fhéidir go bhfuaireadar baladh an airgid uaidh. Ar aon nós nuair a thug an "peidléar" an Chonair soir air féin an tráthnóna san agus a mhála faoin a ascaill aige, lean an bheirt é.

Thángadar suas leis ar chiumhais faille díreach os cionn an locha úd a luas thuas. Thugadar faoin mála a bhaint de agus d’éirigh troid fhíochmhar eatarthu. Bhí bata ag duine acu agus thug sé tarraingt den bhata anuas sa phlaosc don pheidléir agus fágadh sínte gan aithne gan urlabhartha é. Thugadar leo an mála agus a raibh ina phócaí aige go fiú an píosa scillinge a bhí ar córda timpeall a mhuiníl. Ansan rugadar ar an gcorp agus chaitheadar isteach sa loch é. Bádh é. Agus an méid sin déanta acu leanadar an Chonair soir agus ní dhearn siad stad ná staonadh gur bhaineadar Abhainn a’ Scáil amach. Bhuaileadar isteach i dtigh tabhairne chun an míshuaimhneas aigne a bhí orthu a mhúchadh le huisce beatha. Luíodar isteach ar an ól.

Thárla go raibh an bhean chéanna a bhí mór leis an bhfear óg ag obair sa tigh tabhairne. Bhí sí laistigh den chúntar nuair a ghlaoigh duine den bheirt ar dheoch eile agus chaith sé dorn airgid ar chlár. Léim croí na mná nuair a chonaic sí an scilling ghearrtha i measc na mbonn. Rug sí ar an bpíosa agus tharraing sí amach a ceann féin. Chuir sí an dá leath le chéile. "D’oir gach mant agus beann go cruinn." D’fhiafraigh sí den fhear cá bhfuair sé an píosa gearrtha ach ní bhfuair sí aon fhreagra sásúil uaidh. Nuair a lean sí á cheistiú tháinig eagla ar an mbeirt agus bhailíodar leo go tobann. D’innis sí an scéal do fhear a tí. Bhí droch-amhras air futhu freisin mar bhí sean aithne aige orthu. Bhí ainm na gadaíochta amuigh orthu. Chuir sé fios ar na póilíní.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Gabhadh an bheirt agus diaidh ar ndiaidh chuir na póilíní an scéal le chéile. Ba chuimhin leis an dtábhairneoir an bheirt a bheith istigh agus ba chuimhin leis freisin an máirnéalach nó an peidhléar mar a thug sé air féin a bheith ann ag an am céanna. Dúirt sé go raibh mála, den tsort a fuarthas i seilbh na beirte, ag an bhfear óg. Chonaic duine eile an fear óg agus mála faoina ascaill aige ag gabháil soir an Chonair agus an bheirt ag téaltú ina dhiaidh. Ansan tháinig na póilíní ar an bplásóg mar a raibh an troid. Fuaireadar cúpla píosa éadaigh shractha agus rian fola ar na carraigreacha. Saibhseáladh an loch agus fuarthas an corp. "Cuireadh an bheirt os comhair cúirte agus daoradh chun a gcrochta iad. I mbaile Thrá Lí a crochadh iad maidin le héirí gréine anoir."

Sin agaibh anois mo scéal agus mara bhfuil sibh sásta leis ní mise faoi ndeara é ach an duine a thug dom é. Má tá bréag ann bíodh. Ní bhfuaireas-sa dá bharr ach bróga ime agus bríste gloine.

Ag trácht ar an Seabhach, bhíodh ard-mheas air sa Mhumhain agus ar fud na tíre ar ndóigh, mar scoláire G’ilge. Bhí G’ilgeoir cáiliúil amháin ann a bhaineadh úsáid as cáil seo an tSeabhaic chun a chuid smaointe féin a chur chun cinn. Dá mbeadh sé, abair, ag argóint le scoláire eile faoi mhion-phointe éigin gramadaí déarfadh sé; "Sé mo thuairim féin agus tuairim an tSeabhaic — 7rl." B’in deireadh leis an argóint. Níor ghá ach ainm an tSeabhaic a lua chun deireadh a chur leis an ndíospóireacht. Go dtí an tseachtain seo chugainn, go méadaí Dia im agus bainne chugaibh!

<b>PS.</b> Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

<i>An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.</i>

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese