OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

The Irish Column: Póg an Bháis

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

I lár na seascaidí, chaitheas cúpla bliain ar Iolscoil Texas Tech, i Lubbock Texas. Bhí Ollamh le stair ann dárbh ainm Dr. Woods agus d’éirigh an cháirdeas eadrainn. Ar na cúrsaí a bhíodh á múineadh aige bhí Stair Bhunreachtúil Mheiricea. Lá amháin i lár an chúrsa bhíomar ag plé Coffin v. U.S, cúis a tugadh ós comhair na hArd-Chúirte in 1894. San mbarúil a scríobh an breitheamh Edward D. White luann sé an seanrá dlíthiúil – "Innocent Until Proven Guilty." Tugann White dlíodóir dárbh ainm Leonard MacNally, Éireannach, mar fhoinse agus mar údar ar an seanrá. B’é MacNally, dar leis, a chéad chum ‘Innocent Until Prooven Guilty.’ "Ar chuala tú trácht riamh air," arsa Dr. Woods liom. "Chualas trácht ar dhuine leis an ainm sin," arsa mise, "ach bí deimhin de nách raibh aon bhaint aige siúd le "Innocent Until Prooven Guilty." "Dá mba Guilty Until Prooven Guilty a bhí i gceist, seans go mbeadh baint ag an gcladhaire atá ar aigne agam leis." D’innsíos dó an beagán a bhí ar eolas agam faoin mbrathadóir Leonard MacNally agus an scrios a rinne sé ar na hÉireannaigh Aontaithe. Ach, agus ní den chéad uair é, bhí dul amú orm. B’é an MacNally ceannann céanna é.

Saolaíodh Leonard MacNally i mbaile Átha Cliath in 1752. Chaith sé tamall da óige i mBordeaux na Fraince. D’oscail sé siopa i mBaile Átha Cliath i 1771. D’fhreastail sé ar TCD agus fuair sé céim sa dlí. Glaodh chun an bharra é i 1776. I rith an ama bhí sé ag cumadh liricí do cheolchoiméidí agus thosnaigh sé ag scríobh drámaí. Chaith sé tamall i Sasana agus glacadh leis mar abhcóide thall ansan i 1783. Luaitear a ainm san Grove Dictionary of Music. Bhí amhrán amháin dá chuid a raibh ana cháil air agus ar ndóigh tá eolas fós air, -"The Lass of Richmond Hill."

Ba bhall tiomanta dena hÉireannaigh Aontaithe é faoi 1791 agus d’fhoilsigh sé roinnt phaimfléad á dtacú. Bhí baint aige le cosaint Napper Tandy agus Wolfe Tone agus slua desna hÉireannaigh Aontaithe 1798. Is eol dúinn anois go raibh sé ina bhrathadóir dona Sasanaigh ó 1794 ar aghaidh. An oíche a gabhadh Lord Edward Fitzgerald i 1798 le cabhair ó MacNally, bhí dráma a scríobh sé – Robin Hood – ar siúl sa chathair.

Cé go raibh John Philpot Curran mar dhlíodóir ag Robert Emmet roimis an Éirí Amach níorbh é a chosain é ar deireadh. Bhí Curran i bhfeirg le Emmet toisg gur tharraing sé aird an rialtais air féin agus a theaghlach. Dob amhlaidh a thit Emmet i ngrá lena iníon Sarah. Taréis bháis Emmet chuir Curran a iníon as an tigh. D’imigh sí go Corcaigh. Phós sí cúpla bliain ina dhiadh sin agus d’aistríodar go Sasana. Fuair sí bás ansan i 1808. Scríobh Tom Moore an píosa "She is Far From the Land" fúithi.

Chosain Curran cuid desna príosúnaigh in 1803, ach b’é MacNally a bhí mar abhcóid ag Emmet. Níor ghá dó naimhde agus cara den tsort sin aige. Bhí a phort seinnte ó thosach. Bhí straitéis fhoirne cosanta Emmet ag an ionchúisitheoir riomh ré, a bhuí le MacNally. Cothram na Féine mar dhea.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bliain roimis sin d’fhoilsigh MacNally "The Rules of Evidence on Pleas of the Crown, with Illustrations from Printed and Manuscript Cases" in Éirinn agus i Sasana. Bhain sé feidhm as cúiseanna a phléigh sé féin. Foillsíodh i Philadelphia é i 1804 agus arís i 1811. Bhí an tionchar ag an leabhar ar chúrsaí dlí sa tír seo sa chéad leath den chéad seo caite. Nách ait an mac an saol.

Mhair MacNally go dtí 1820 agus pinsean breá aige ón rialtas de bharr na spiaireachta. Nuair a fuair sé bás thug a mhac faoí an bpinsean a fháil dó féin ach dhiúltaíodar dó. D’árdaigh sé raic agus tharraing sé aird na bpáipéar air féin. Mar sin a nochtadh an scéal salach ós comhair an tsaoil. An pictiúr a fhanann i mo cheann i gcónaí nuair a smaoiním ar an scéal uafásach seo ná MacNally ag pógadh Emmet nuair a chuaigh an chúis ina aghaidh.

PS: Táim díreach taréis teacht ar ais ó Chomhdháil an American Conference for Irish Studies i Westfield State agus Elms College. B’iad na hollúna Catherine B. Shannon agus Thomas Moriarity a d’eagraigh an rud go léir agus rinne siad sár obair. Bhaineas ard taithneamh as na léachtaí, go hairithe as an gceann a thug an t-ollamh Joe Lee, NYU, ar "Does the Irish Past Have a Future." Chonaiceas Consul General na Breataine Móire, fiú, ina sheasamh ag bualadh bos gan stad taréis na léachta. Fág faoi Chiarraíoch é. Thug Ellen Moore Quinn, MIT, caint bhreá uaithi ar "The Revaluation of Sacred Spaces in Donegal," agus chuaigh an chaint a thug an Dr. Margaret MacCurtain ar "Celebrating Peig Sayers," i bhfeidhm go mór ar a raibh i láthair. Thug James M. Farrell U. New Hampshire agus Shelia Gleeson Dir. Imigrant Services Bostan léachtaí suimiúla ar stair agus stáid na hinimirce. Bhí rudaí fíor spéisiúil le rá ag Dr. Maureen Murphy faoi "Teaching the Irish Famine."

Ag deireadh na comhdhála, a bhuí le Tom Moriarity, phléamar cúrsaí G’ilge. Máire Uí Shithigh, ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Fionnán Ó hÓgáin ó Choláiste Ide agus mé féin a bhí ar an ardán. Bheadh seachtain uainn don cheist a phlé i gceart. Ar an Domhnach 2, 1999, d’osclaíodh an Irish Cultural Center ag Elms College, go hoifigiúil. Ba chóir go mbeadh an tSiúr Uasal Kathleen Keating, Uachtarán an choláiste an mhóralach as. Scríobhfaidh Tom Moriarty agus mé fhéin píosa faoin scéal amach anseo.

Ni mór dom anso dream uasal toscairí as Corcha Dhuibhne a lua. Bhíodar i Springfield chun ceangail chultúir agus gnó a nascadh idir an dá áit. Ghlacadar páirt go fonnmhar sa cheiliúradh. Ina measc bhí Fionnán Ó hOgáin, fear óg éirimiúil, atá ina bhainisteoir ar Choláiste Ide; Pádraigh Lynch, Stiúrtheoir Choláiste Ide. Ar ndóigh ní bheadh Coláiste Ide ann murach an obair eachtach a dhein Pádraigh agus Cáirde Choláiste Ide ar a son. Deirfiúr le Muiris Bric, Mary Claire, a bhean chéile; Ricky MacGearailt, Bainisteoir Réigiunach, Udarás na Gaeltachta; John Moriarty, Cumann Lucht Tráchtála an Daingin; Diarmuid Ó Dálaigh ó The Díseart Celtic Educational and Cultural Institute. Is ó mo thaobhse tíre é agus beidh níos mó le rá agam faoin institiúid seo lá eile; Máire Uí Shithigh, Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tógadh le G’ilge i mBÁC í agus is deartháir léi Cormac Ó Grádha í. A fear céile Dan, sár chainteoir, a léigheann an tOileánach ar na téipeanna; Mo shean chara Mícheál de Mordha ó Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin. Tá cion fir déanta ag an bhfear uasal so ar son na teanga agus an chultúir; Áine Ní Chatháin agus Eilín Ní Chearna, na ceolteoirí. Beirt bhríomhar cheolmhar thaitneamhach. Chuireadar an ghruaigh ina seasamh ar mo chúl le Caisleán Uí Néill. Go n-éirí go geal leo uiligh.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese