OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Seancluiche a chothaíonn suim

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Séamas Ó Cualáin

Gné shuntasach de Aonach Ceoil is Curach an Spidéil sea comórtas chaitheamh na gcruithe agus is iontach go deo an tsuim a léirítear ann.

Is cluiche ársa é seo. Deirtear gurb iad saighdiúirí Impireacht na Róimhe a thosaigh ag caitheamh cruithe mar spórt den chéad uair riamh. Agus le linn Chogadh na Saoirse is aghaidh Shasana d’imríodh saighdiúirí Mheiriceá an cluiche ar Bhoston Common.

Sa lá atá inniu ann d’fhéadfaí a rá gur cluiche idirnáisiúnta caitheamh na gcruithe óir cleachtaítear ina lán tíortha ar fud na cruinne. Mar sin féin caithfear tús áite a thabhairt do S.A.Mh. agus do Cheanada mar sa dá thír seo áirítear go n-imríonn suas le cúig mhilliún déag díograiseoir an spórt. nach mór an lear é sin!

An cluiche á riar

Comórtas simplí é do fhir, do mhná is do dhéagóirí agus imrítear amuigh faoin ‘r é. De réir na rialacha sáitear dhá phionna iarainn do daingean docht dobhogtha sa talamh agus iad go hiondúil seacht dtroigh fichead — nó, faoi mar a deirtí, fad trí chapall — óna chéile.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Beirt, de ghnáth, a bhíonn ar gach foireann agus nuair a thosaíonn an comórtas seasann duine ó gach taobh — le crú i chaon láimh — ag gach pionna Tosaíonn beirt ag caitheamh io dtreo pionna amháin agus nuair a bhíonn siadsan críochnaithe agus an scór comhairthe téann an cúpla eile i mbun imeartha. Caitheann siad seo idtreo an phionna óna raibh an chéad bheirt ag caitheamh.

Fearacht liathróid laimhe marc is fiche an scór a theastaíonn le cluiche a bhuachan. An t-imreoir a bhfuil a chrú níos gaire don phionna aige faigheann sé marc amháin agus má bhíonn a dhá chrú chun tosaigh ar chruithe a chéile comhraic éiríonn leis dhá mharc a ghnóthú. Má chuireann duine an crú ina sheasamh le taobh an phionna baineann sé trí mharc amach ach más rud é go n-éiríonn leis an crú a chur timpeall ar an bpionna scórálann sé cúig mharc

Tionchar na bPoncánach

Cé go n-imrítí an cluiche seo in áiteanna éagsúla ar fud Chonamara blianta ó shin ba iad muintir Chois Fharraige ba mhó a bhí luite leis. Leath an caitheamh aimsire sna fichidí agus sna tríochaidí agus ní dheachaigh Domhnach ná lá saoire thart nach bhfeictí sluaite bailithe ag crosbháithre ar feadh an bhealaigh ó na Forbacha siar go crosbhóthar na Tulaí. Rud eile a chabhraigh le leathadh an chluiche ag an am nach raibh aon chaitheamh aimsire eile — peil nó iománaíocht — ag na daoine óga.

Éireannaigh a d’fhill abhaile ó S.A.Mh. a chuir muintir Chois Fharraige agus Chonamara ar an eolas faoin spórt. Ba ó cheantar an Spidéil beirt díobh siúd — Máirtín Tom Pháidín (Máirtín ‘Ac Coisdealbha) agus Máirtín Bairéad. Bhí siad araon in arm Mheiriceá agus chaith siad tréimhsí san Fhrainc le linn an Chogaidh Mhóir (1914-18). Nuair a thagadh sámhnas ar an troid agus iad sna trínsí ba mhinic a d’eagraíodh na saighdiúirí comórtas chaitheamh na gcruithe leis an teannas agus an imní a laghdú. Bhí an-spéis as cuimse ag an dá Mháirtín sa spórt agus bhí tionchar á réir acu ar aos óg na háite a d’fhoghlaim an chaoi cheart leis an gcluiche a imirt go staidéartha stuama.

Tom Mháirtín Tom

Bhí a ngaiscíoch féin ag muintir an Chnoic atá taobh thiar den Spidéal. Ba é sin Tom Mháirtín Tom (Tomás Ó Donnchadha) a d’fhoghlaim an caitheamh aimsire i S.a. Mh. freisin. Ní raibh ríochan ar bith leis agus ní gan fáth gurbh é curadh Nua-Eabhrac é ar feadh na mblianta. D’Fhéadfadh an t-imreoir oilte seo crú a chur timpeall ar uaireadóir chomh hábalta céanna agus a chuirfeadh sé timpeall ar phionna é. Ní iontas ar bith mar sin go raibh éachta an tsár fhir seo ar bhéal na ndaoine agus nuair ba mhian le muintir an Chnoic gaisce duine a mholadh go hard no spéire deiridís. "Sháraigh sé Tom Mháirtín Tom ag caitheamh na gcruithe!"

Ba ag teach carr Neilín ar an mBóthar Buí a bhí mar ionad coimhlinte ag muintir Chnoc na hAille ag an am. Dúirt Maidhc Phádraig Thaidhg (Micheál Ó Conaola) liom gur iomaí lá a chomhair sé fiche foireann ansin réidh le dul i mbun comhraic. Agus ar fhaitíos go ndéanfaí aon séitéireacht sa tomhas bhíodh Tom Pheait Bhreathnaigh as Scailp an Chnoic ansin agus é ina shuí ar róipín le broibh luachra. Nuair a bhíodh an cluiche thart tharraingíodh Tom brobh amach agus dhéanadh sé an tomhas go ceart agus go cóir leis an mbrobh.

Tá Tom agus na himreoirí eile imithe ar Shlí na Firinne anois, go ndéana Dia trócaire orthu.

Is dóigh gurbh í an imirce mhór ó Chois Fharraige i ndeireadh na dtríochaidí is i dtús na ndaichidí ba chúis le gur tháinig meath ar an gcluiche. Agus ar ndóigh nuair a laghdaigh líon na gcapall d’imigh na ceártaí is na cruithe i leaba a chéile.

Murach Aonach Ceoil is Curach an Spidéil is dóigh go mbeadh caitheamh na gcruithe imithe i ndearmad ar fad faoi seo.

****

Foclóir: Vocabulary

caitheamh na gcruithe: horshoe pitching.

seanchluiche: old game or pastime.

cothaíonn: stirs up; promotes, rouses.

suim: interest.

gné: feature.

suntasach: distinctive, remarkable.

Aonach Ceoil is Curach: Music and Canoe Festival.

curach: light boat with oars

com(r)ortas: contest; competition.

léirítear: make clear.

ársa: ancient.

Impireacht na Róimhe: Roman Empire

Cogadh na Saoirse: The American Revolutionary War

Sa lá atá inniu ann: at present

cluiche idirnáisiúnta: international game

cleachtáitear: practised.

ar fud na cruinne: throughout the universe.

tús áite: pride of place.

S.A. Mh.: Stait Aontaithe Mheiriceá; U.S.A.

Ceanada: Canada.

áirítear: reckoned

cúig mhilliún déag: 15 million

díograiseoir: enthusiast

lear: large number

riar: manage; administer.

déagóirí: teenagers.

sáitear: thrust (from sáigh).

pionna: peg, pin

docht: tight.

dobhogtha: immovable.

go hiondúil: usually.

seacht dtroigh fichead: 27 feet.

i chaon láimh: in each hand

fearacht: like

comhairthe: counted; calculated.

a chéile comhraic: opponent, rival.

Poncánach: Yank.

luite leis: fond of it.

leath: spread.

Cois Fharraige: The area along Galway Bay stretching west from Barna to Rosaveel

araon: both

tréimhsí: periods, spells.

sámhnas ar an troid: lull in the fighting.

teannas: pressure

imní: worry

an-spéis as cuimse: exceedingly interested.

tionchar: influence.

á réir: accordingly.

staidéartha: steady

stuama: skilful.

gaiscíoch: champion.

ní raibh ríachan ar bith leis: there was no limit to his ability (pitching horseshoes).

éachtaí: feats, achievements

go hard na spéire: highly praised.

sháraigh sé: he beat.

coimhlint: competition, contest.

chomhair: counted

i mbun comhraic: engaged in combat.

séitéireacht: cheating, deception.

broibh luachra: rushes.

imithe ar shlí na fírinne: gone to their eternal reward.

an imirce mhór: widespread emigration

meath: decline

ceártaí: forges.

***

Arna sheoladh ag:

Séamas Ó Cualáin,

"Glór na dTonn,"

An Spidéal,

Co. na Gaillimhe.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese